Sol

Josep Palau i Fabre
Josep Palau i Fabre

Fútsa amháin a labhrann an seomra seo.

Imíonn an t-am is mothaím thar fóir mé
toisc gan tusa atáim is gan ionam mé féin a thuiscint
lasmuigh de theoranna do cholainne.

Filleann an t-earrach go dílis ar na seana-phoibleoga
is iad anois ag glasú.

‘Sé ciúineas trédhearcach an aeir seo
a bhronnann as an nua orm
an suaimhneas ‘bhí uaim.

Palau i Fabre, Josep. Poemes de l'alquimista. Barcelona: Proa, 1977.

Traduït per Pearse Hutchinson

Pearse  Hutchinson
Pearse Hutchinson